Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
- céanna 6
- chúirt 5
- himeachtaí 4
- imeachtaí 4
- feitheamh 3
- i 3
- eile 3
- tugadh 3
- comhair 3
- inniúil 3
- mbeidh 3
- gcás 3
- dlínse 2
- gcéad 2
- féadfaidh 2
- gcúirt 2
- chéad 2
- seachas 2
- na himeachtaí 2
- mballstát 2
- ndáil 2
- ábhar 2
- leis 2
- cúirt 2
- rialaitheoir 2
- próiseáil 2
- atá 2
1. I gcás ina mbeidh faisnéis ag cúirt inniúil Ballstáit faoi imeachtaí a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, ar imeachtaí iad atá ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, rachaidh an chúirt inniúil i dteagmháil leis an gcúirt sin sa Bhallstát eile chun a dhearbhú gurb ann do na himeachtaí sin.
2. I gcás ina mbeidh imeachtaí ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, ar imeachtaí iad a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, féadfaidh aon chúirt inniúil, seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, na himeachtaí sin a chur ar fionraí.
3. I gcás ina mbeidh na himeachtaí sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair i leith na gcaingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.
dal 2004 diritto e informatica