Choose: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV

Output generated live by software developed by IusOnDemand srl

  • bheidh 4
  • inniúil 3
  • údaráis 2
  • gníomhú 2
  • chun 2
  • maoirseachta 2
  • údarás 2
Home GDPR - Compare translations art 55

CAIBIDIL VI Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha
Cuid 2 Inniúlacht, cúraimí agus cumhachtaí
Airteagal 55 Inniúlacht

1.   Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.

2.   I gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a bheidh ag gníomhú ar bhonn phointe (c) nó phointe (e) d'Airteagal 6(1) a dhéanfaidh an phróiseáil, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann a bheidh inniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 56.

3.   Ní bheidh údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.


dal 2004 diritto e informatica