Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
- phróiseáil 7
- maidir 6
- agus 6
- pearsanta 5
- sonraí 4
- rialachán 4
- aontais 3
- atá 3
- dhéanann 3
- feidhm 3
- chuid 3
- eile 2
- mhaithe 2
- hairteagal 2
- leis 2
- uimh 2
- duine 2
- chóras 2
- dhéanamh 2
- chur 2
- mbun 2
- uathoibrithe 2
- comhdúcháin 2
- bagairtí 2
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:
(a) |
má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais; |
(b) |
má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE; |
(c) |
má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin; |
(d) |
má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin. |
3. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.
4. Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.
dal 2004 diritto e informatica